EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023X0417(12)

Dearbhú Aontaobhach ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023 maidir le gníomhaíocht forfheidhmiúcháin a neartú le haghaidh earraí a aistrítear i mbeartáin ó chuid eile den Ríocht Aontaithe go Tuaisceart Éireann

PUB/2023/430

IO L 102, 17.4.2023, p. 100–100 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

17.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 102/100


DEARBHÚ AONTAOBHACH ÓN RÍOCHT AONTAITHE SA CHOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN GCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN GCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

an 24 Márta 2023

maidir le gníomhaíocht forfheidhmiúcháin a neartú le haghaidh earraí a aistrítear i mbeartáin ó chuid eile den Ríocht Aontaithe go Tuaisceart Éireann

Sula dtiocfaidh forálacha Chinneadh Uimh. 1/2023 (1) i bhfeidhm ina n-iomláine, tá an Ríocht Aontaithe tiomanta do bheithe ag obair leis an Aontas chun cosaint a thabhairt do mhargadh inmheánach an Aontais trí ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin a neartú maidir le hearraí a aistrítear i mbeartáin ó chuid eile den Ríocht Aontaithe go Tuaisceart Éireann. Sa chomhthéacs sin, gabhann an Ríocht Aontaithe uirthi féin:

Oibriú le hoibreoirí eacnamaíocha, go háirithe beartseachadadh gasta agus oibreoirí poist, chun sonraí tráchtála maidir le gluaiseacht beartán, lena n-áirítear an seoltóir, an faighteoir agus tuairisc ar na hearraí ábhartha, a chur ar fáil do Rialtas na Ríochta Aontaithe agus d’ionadaithe an Aontais. Thacódh na sonraí sin le gníomhaíocht forfheidhmithe agus chomhlíonta, rud a chuirfeadh leis an ngníomhaíocht atá ann cheana faoi thionchar riosca agus faisnéise.

An comhar atá ann cheana idir údaráis chustaim na Ríochta Aontaithe agus an Coimisiún Eorpach a fheabhsú, trí chomhoibriú maidir le rioscaí forfheidhmithe agus comhlíonta ar bhonn na socruithe oibríochtúla comhaontaithe dá dtagraítear i gCinneadh Uimh. 1/2023.

Tabharfaidh an Ríocht Aontaithe an Coiste Speisialaithe maidir le saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme Chreat Windsor (2) cothrom le dáta go rialta maidir leis an dul chun cinn a rinneadh ar na saincheisteanna thuasluaite.


(1)  Cinneadh Uimh. 1/2023 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023 lena leagtar síos socruithe a bhaineann le Creat Windsor (féach leathanach 61 den Iris Oifigiúil).

(2)  Féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023.


Top